Sweet Comeragh

Lyrics

A Chomaraigh aoibhinn ó

Mo bheannacht óm’ chroí, dod’ thir ‘s dod’ shléibhte
A Chomaraigh aoibhinn ó
Is dod’ mhuintir shuairc ar dual dóibh féile
A chomaraigh aoibhinn ó
Do shrutháin gheala is do choillte craobhach
Do ghleannta meala is do bhánta léire
Ó grá mo chroí, Iad siúd le chéile
A Chomaraigh aoibhinn ó

Is dathúil breá, do chruacha scéimchruth
A Chomaraigh aoibhinn ó
Nuair a lasaid suas le hamharc gréine
A Chomaraigh aoibhinn ó
Na faillte’s leacain ar gach taobh diot
Mar bhrata sróil le seolta gleásta
Nuair a scaipeann an drúcht anuas ón spéir ort
A Chomaraigh aoibhinn ó

Do bhíos thar sáile seal i gcéin uait
A Chomaraigh aoibhinn ó
I ndúthaigh fáin ag déanamh saoithair
A Chomaraigh aoibhinn ó
Ach b’obair tháir liom, cnuasach gréithre
I bhfad óm’ ait fé scáil do shléibhte
Is chas mé arís ort, a phlúr na nDéise
A Chomaraigh aoibhinn ó

—————————————————–
Sweet Comeragh

My heartfelt blessings on your valleys and mountains
Sweet Comeragh
And on your cheeful people so naturally kind
Sweet Comeragh
On your shining streams and your leafy woodlands
Your honeyed slopes and your gleaming meadows
My heart fills with love for all of them surely
Sweet Comeragh

Your rugged peaks are a handsome sight
Sweet Comeragh
As the rising sun sets them aflame
Sweet Comeragh
Cliffs and steep slopes in every direction
Like a satin weave from a magic loom
As the dew falls from the heavens high
Sweet Comeragh

I was a while away from your beauty
Sweet Comeragh
Slaving so hard in a foreign land
Sweet Comeragh
Base work it was, just making a living
Far from my home ‘neath the shade of your mountains
So I came back to you, the flower of the Déise
Sweet Comeragh


Notes


Song Clip


County

Waterford


Songwriter